Stair Achomair na Scoile

Stair Achomair na Scoile / an Choláiste / an Ionaid

Tógadh an Coláiste Naomh Feichín i 1965/’66 agus osclaiodh do scolairí é i Meán Fómhair 1966.  D’fhreastal slua mór scoláirí ó cheantar Dhúiche Sheoigheach air, cuid acu a tháinig ó Rang 6, 7 agus 8 ins na Bunscoileanna áitiúla chomh maith le scoláirí a chríochnaigh sa mBunscoil cúpla bliain roimhe sin.  Is beag deis a bhí ag gasúir an cheantair (go háirithe buachaillí) freastal ar Choláiste Iar-Bhunoideachais go dtí seo. 

Scoil trí sheomra a bhí ann ar dtús agus ullmhaíodh na scoláirí don Teastas Ghrúpa agus don Meán Teistiméireacht ann.  Sa scoilbliain 1974/’75, tosaíodh ag múineadh Cúrsa na hArdteistiméireachta agus rinne na scoláirí an chéad Ardteistiméireacht sa scoil i Meitheamh 1976. 

Tháinig fás agus forbairt ar an gColáiste thríd na blianta.  Cuireadh síneadh leis tar éis lár na 1970idí, 1983/’84 agus 2010.  Tá an scoil faoi choimirce Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá na háiseanna is déanaí again do gach ábhar anseo I dtimpeallacht atá taitneamhach.  Ta sé mar aidhm again oideachas a chur ar fáil mar chuid den phlean saoil iomlán chun go mbeadh ár ndaltaí in ann fás agus forbairt mar bhaill staidéaracha agus airdeallacha den phobal.  Anois agus leathchéad bliain caite, tá oideachais den scoth curtha ar ár scoláirí agus tá muid fíor-bhródúil astu.  Tá cuid mhaith acu fostaithe sa tír seo agus go deimhin tá roinnt acu scaipthe ar fud an domhain.  

 

Coláiste Naomh Feichín was founded in 1966 to provide second level education for students in the area.  The school operates under the auspices of the Galway and Roscommon Education and Training Board today.  Our college is equip to a very high standard in most pleasant surroundings.  Coláiste Naomh Feichín is housed in a building with classrooms servicing every subject's needs. Our aim is to provide education as part of a total life plan, enabling our students to become well-balanced caring members of the community.

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán