Seachtain na Mata 2025
D’eagraigh ár scoil seachtain Matamaitice an-rathúil díreach roimh an sos lár-téarma le neart cluichí, tráth na gceist agus gníomhaíochtaí. Mar chuid den tseachtain sin, thugamar cuireadh do dhaltaí rang a 5 agus a 6 ó na scoileanna náisiúnta áitiúla páirt a ghlacadh linn don lá. Bhí lá taitneamhach ag gach duine.
