Seachtain na Maitimaitice i gColáiste Naomh Feichín - 16-10-23 - 20-10-23

Rinne chuile dhuine sa scoil ceiliúradh ar Sheachtain na Mata idir 13-20 Deireadh Fómhair 2023.  Bhí go leor comórtais ar siúl le linn na seachtaine do scoláirí na scoile idir Súile Mata, Toraíocht Taisce Mata, Sudoku, Cruacheist difriúil gach lá, Maths Olympiad agus Tráth na gCeist!
 
D'eagraigh scoláirí bliain a 4 in éineacht lena múinteoir Mata Simon Ó Cearúil Toraíocht Taisce do gach bhliaingrúpa eile.  Is iad na buaiteoirí a bhí air sin ná; Bliain 1 - Saoirse Ní Chiarragáin agus Klara Ní Allmhuráin, Bliain 2 - Aimee Ní Fhiric agus Saoirse Seoighe, Bliain 3 - Seán Ó Ciarragáin agus Darragh Ó Cionnaigh, Bliain 5 - Grace Ní Chadhain, Emma Ní Fháthaigh agus Niamh Ní Dhúnaigh agus i mBliain a 6 - Patrick Ó Madagáin, Rory Pleimeann-Seoighe agus Seán Ó Curraoin.
 
Thóg na scoláirí pictiúir don áit a fheiceann siad Mata sa ngnáthshaol agus bhí an oiread sin pictiúir acu!  Tá siad le feiceáil crochta ar an gclár fógraíochta sa scoil!  Is iad Saoirse Ní Chiarragáin (Bl 1) agus Seán Ó Ciarragáin (Bl 3) a bhí an bua acu.
 
D'eagraigh an múinteoir Mata Fiona Ní Chathasaigh Cruacheist difriúil Mata gach lá agus bhí 20 nóiméad ag gach aon duine na freagraí a fháil.  Bhí buaiteoir as gach catagóir ansin; Stiofán Ó hAoláin agus Sophia Ní Ghabháin le h-aghaidh an dóchúlacht, scoláirí Bliain a 2 ar fad le h-aghaidh An Cód, Caelin Ní Choisteala le h-aghaidh An Dréimire, Darragh Ó Cionnaigh don Nathair Nimhe agus Grace Ní Chadhain agus Adam Ó Loideáin dona Soilse Tráchta.
 
D'eagraigh na cailíní as Bliain a 5 Tráth na gCeist Mata ar an Aoine 20 Deireadh Fómhair.  Bhí an bua ar an lá ag Foireann a 1 agus ar an bhfoireann sin bhí; Patrick Ó Madagáin, Mairtín de Búrca, Brendán Ó Curraoin agus Maitiú Ó Cadhain.
 
D'eagraigh an múinteoir Mata Áine Bairéad Olympiad Mata do Bhliain 1, 2 agus 3, chomh maith le Sudoku.  Fuair na scoláirí teastas as ucht páirt a ghlacadh san Olympiad.  Bhí comórtas an-dhian idir na scoláirí sa gcomórtas Sudoku.  Is iad Caelin Ní Choisteala (Bl1), Yelysaveta Onufriieva (Bl 2) agus Darragh Ó Cionnaigh (Bl 3) na buaiteoirí air sin.
 
Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis na scoláirí ar fad agus buíochas a ghábháil leis na múinteoirí as ucht a rannpháirtíochta, ach go mór mór na múinteoirí Mata in ár scoil.  
Áine Bairéad.

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20231106-WA0035.jpg
  • IMG-20231106-WA0034.jpg
  • IMG-20231106-WA0033.jpg
  • IMG-20231106-WA0032.jpg
  • IMG-20231106-WA0031.jpg
  • IMG-20231106-WA0029.jpg
  • IMG-20231106-WA0028.jpg
  • IMG-20231106-WA0027.jpg
  • IMG-20231106-WA0026.jpg
  • IMG-20231106-WA0025.jpg
  • IMG-20231106-WA0024.jpg
  • IMG-20231106-WA0023.jpg
  • IMG-20231106-WA0022.jpg
  • IMG-20231106-WA0021.jpg
  • IMG-20231106-WA0020.jpg
  • IMG-20231106-WA0019.jpg
  • IMG-20231106-WA0017.jpg
  • IMG-20231106-WA0016.jpg
  • IMG-20231106-WA0015.jpg
  • IMG-20231106-WA0014.jpg
  • IMG-20231106-WA0013.jpg
  • IMG-20231106-WA0012.jpg
  • IMG-20231106-WA0011.jpg
  • IMG-20231106-WA0008.jpg
  • IMG-20231106-WA0005.jpg
  • IMG-20231106-WA0004.jpg
  • IMG-20231106-WA0003.jpg
  • IMG-20231106-WA0002.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán