Nuacht na hIdirbhliana
Chuir ár ndaltaí tús leis an Idirbhliain don chéad uair i mbliana. Tá tús curtha acu ar bhlaiseadh na hábhair go léir ag an léibhéal Sinsearach scoile. Anuas ar seo, tá teastas Garchabhrach bainte amach acu. Tá siad tosaithe ar chúrsa Ríomheolaíochta le IACT. Tá Lá iomlán caite acu ar an bhfarraige sa bhád traidisiúnta, Morning Star. Thug siad cuairt ar an Ionad Oidhreachta i Leitir Mealláin. Chaith siad Lá iomlán i gConga ag foghlaim Stair na háite i gcomluadar le Fiontán Ó Gormáin. Tá tús curtha acu le tabhairt faoina ngradam Gaisce, Gradam Eoin Pól 2 agus na feachtais úrnua don scoil An Ghaelbhrat agus An Bhrat Ómra.
Bhí mórán aoi-chainteoirí ag obair leo i rith an chéad mhí, Raymond Fogarty-Fiontraíocht & Údarás na Gaeltachta, Edel Ní Bhraonáin-An Ghaelbhratach, Trish Ní Ghallachóir-Gradam Eoin Pól 2.
Tá siad ag tabhairt faoi thaighde don Eolaí Óg agus Gnó don chomórtas Fiontraíochta.
Beir bua daltaí na hIdirbliana