Guth na hÉigse - Babhta Ceannais
Ghlac scoláirí as Bliain 1 agus Bliain 2 páirt sa gcomórtas Guth na hÉigse le déanaí. Chuaigh Cillín Breathnach as Bliain 1 agus Ethan Seoighe as Bliain 2 chomh fada leis an babhta ceannais i mBaile Átha Cliath a bhí ar siúl sa Smock Alley. Is comórtas léamh filíochta atá i gceist le Guth na hÉigse agus táimid ar fad thar a bheith bródúil astu as dul chomh fada leis an babhta ceannais. Bhí na scoláirí ar fad a ghlac páirt ar fheabhas agus tá súil againn páirt a ghlacadh arís an chéad bhliain eile. Nár laga Dia sibh.