Feasacht Bruscar

Inniu rinne an Coiste Glas faoi threoir Máire Nic an Mháistir taispeantas a dhéanamh le daltaí na scoile ar an bhfeachtas caomhnú fuinneamh scoile. Ón anuraidh tá laghdú déanta ag pobal na scoile ar an méid drámhíola ag dul go seachtainiúil ón scoil. Le cúig mí anuas tá seacht gcéad ochtó naoi buidéal plaisteach curtha sna boscaí cuí athchursála. Phlé siad costas na buidéil, an fuinneamh a théann isteach i gcruthú gach buidéal agus an próiséas athchursála a bhaineann le gach buidéal. Bhí an taispeantas spéisiúil, eolasach agus scanrúil. 

Tá an Coiste ag leanúint lena bhfeachtas agus ag impí ar an bpobal leanúint le caomhnú fuinneamh agus athchursáil.

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20200226-WA0000.jpg
  • IMG-20200226-WA0001.jpg
  • IMG-20200226-WA0002.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán