Díospóireachtaí Uí Chadhain - 20-10-21
Bhí dhá fhoireann ó scoil s'againne páirteach sa chéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Gael-Linn Dé Céadaoin seo caite, an 20/10/21. D'oibrigh na foirne go dian dícheallach ag glacadh le treoir agus cuidiú ó Mháistir Ó Confhaola.
Bhí an géar chomórtas ann an oíche sin in Áras na bPiarsach i Rosmuc. Ar an bhfoireann shóisearach, bhí Oisín Seoighe, Katie Ní Fhiaraic agus Emma Ní Fhathaigh. Fuair siad tacaíocht óna gcuid taighdeoirí Niamh Ní Dhúnaigh agus Grace Ní Chadhain. An rún a bhí á phlé acu ná "Ba cheart cosc a chur ar mhúinteoirí obair bhaile a thabhairt do dhaltaí bunscoile". Bhí scoil s'againne i bhfábhair an rúin.
Ar an bhfoireann sinsearach, bhí Ellie Ní Icí, Justine Nic Shiomóin agus Adam Ó Máille. An rún a bhí á phlé acu ná "Tá droch thionchar ar na meáin shoisialta ar an todhchaí". Arís bhí siad i bhfábhair an rúin. Fuair an foireann sinsearach cabhair agus tacaíocht ó Aisling Ní Loideáin agus Lorna Ní Chosgara.
Rinne an dá fhoireann an-throid ag nochtadh tuairimí láidre ar na rúin a bhí acu. Comhghairdeas leis an dá fhoireann atá ag dul ar aghaidh sa chomórtas. Mar a deir an seanfhocal "an té a mbíonn an bua leis bíonn an chreach leis".