Comórtas Díospóireachta Uí Chadhain - 22-10-24

Bhí foireann ó scoil s'againne páirteach sa chéad bhabhta de Chomórtas Díospóireachta Gael-Linn aréir. Bhí an fhoireann sóisearach i mbun díospóireachta i gColáiste na bPiarsach, i Rosmuc.

Ar an bhfoireann Shóisearach, bhí Bríd Ní Dhomhnaill, Aileen Ní Riain agus Thomas Ó Fiaraic le tacaíocht ó Ethan Ó Suilleabháin agus Katie Ní Fhiaraic. Bhíomar an-bhródúil as iarrachtaí na foirne. An rún a bhí á phlé acu ná "Ba cheart deireadh a chur le scrúduithe na Sraithe Sóisearaí”. Bhí foireann s'againne i gcoinne an rúin. D’éirigh leo dul tríd chuig an chéad babhta eile. Buíochas ollmhór leis na tuismitheoirí a thug tacaíocht iontach dúinn. Gach rath orthu!

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • Foireann Díospóireachta 22-10-24.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán