Comórtas Cispheile na Gaeltachta 2023

Ar an 12ú de Mhárta, bhí bailiúchán d’imreoirí Cispheile fud fad Chonamara i Spórtlann Naomh Anna i Leitir Móir.  Imreoirí idir trí bliana déag agus seacht mbliana déag a tháinig as Corr na Móna (12) An Cheathrú Rua (18) Cois Fharraige (5) agus Maigh Cuilinn (34).

Bhí uair a chloig druileanna ann ar maidin agus briseadh suas na himreoirí in ocht bhfoireann d’ochtar. Bhí sraith cluichí ann agus cháiligh dhá fhoireann don chluiche Cheannais.  Ar na foirne sin, bhí triúr as Coláiste Naomh Feichín a bhí páirteach sa gcluiche Ceannais agus an bua ag beirt acu, Micheál Ó Gráinne i mbliain 5 agus Cian Seoighe i mbliain 2 a bhí ar “Foireann Wade”.    Ní raibh an t-ádh ar Sheán Breathnach sa gcluiche céanna a bhí ar “Foireann Curry”. Ní raibh eatarthu ach pointe amháin ar deiridh.  Bhí lá fada i gceist agus cosa tinne tuirseach ag imirt Cispheile ón 11 ar maidin go dtí a 5 tráthnóna. Míle buíochas le Cumann Cispheile Mhaigh Cuilinn agus Cumann Cispheile na nGael a d’eagair an chéad “Comórtas Cispheile na Gaeltachta” agus táthar ag siúl go dtiocfá méadú ar an gcomórtas go bliantúil. 

Buíochas freisin le Glór na n-Oileán, An Pobal Rua agus Gaeilge Mhaigh Cuilinn a thug urraíocht don lá.  Bhí neart le n-ithe ann do chách agus bronnadh t-léinte ar gach dalta agus fuair buaiteoirí an Chomórtais trófaithe freisin. 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • IMG-20230314-WA0000.jpg
  • IMG-20230314-WA0001.jpg
  • IMG-20230314-WA0002.jpg
  • IMG-20230314-WA0003.jpg
  • IMG-20230314-WA0004.jpg
  • IMG-20230314-WA0005.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán