Comhghairdeas le daltaí na hArdteiste 2019
Táimid an-bhródúil as ár ndaltaí a thug faoi scrúduithe na hArdteiste i mbliana. D'éirigh go han-mhaith leo ina gcuid scrúduithe agus bhí torthaí ár ndaltaí an-mhaith ar fad. Fuair formhór dár ndaltaí a rogha chúrsa/printíseach agus guímis gach rath orthu sa todhchaí. Gabhaimid buíochas lena gcuid tuismitheoirí as a dtacaíocht leanúnach dóibh agus dúinn le linn dá bpáistí ag freastal ar scoil s'againne.
Coláiste Naomh Feichín abú!!