Coláiste Uisce - 27ú de Mhárta - 29ú de Mhárta 2023
Rinne ár ndaltaí, daltaí na hIdirbliana, freastal ar an gColáiste, Coláiste Uisce i mBéal an Mhuirthead i gContae Maigh Eo i rith na seachtaine. Spóirt trí Ghaeilge a bhí idir lámha ag ár ndaltaí. Bhí na teagascóirí iontach agus bhualamar le foireann den scoth. Bhí an t-adh dearg orainn cairde nua a chruthu le daltaí ó Choláiste Beaufort san Uaimh. Ghlacamar páirt in a lán imeachtaí foirne ina measc cláir coirp, spóirt ar an uisce, dreapadóireacht agus raifteáil. Bhí ceilí agus diosco breá againn ar an oíche deireanach.
Mar a deir an seanfhocal "Is fearr cairdeas ná ór".