Aird ar Athrú - Lá Folláine - 12-02-25
Rinne scoil s’againne sos a ghlacadh ón seomra ranga agus ó scrúduithe. Rinne muid ár n-aire a dhíriú ar ár Lá Folláine. Téama don lá seo ná Aird ar Athrú.Ba é aidhm an lá ná scileanna athléimneachta pobal na scoile a fheabhsú agus a láidriú agus ár n-aird a dhíriú ar luach athraithe inár saol. Rinne Bliain 4 tús a chur leis an lá le cur i láthair do phobal na scoile. Ina dhiaidh sin, bhí meascán gníomhaíochta dár ndaltaí, ina measc sin saothar ealaíne, am ciúnais, bácáil, cócaireacht agus ullmhú béile folláine do phobal na scoile, cluichí, scileanna staidéar agus am machnamhach. Buíochas le Máire Nic an Mháistir, Bernadine Ní Aogáin, Sinéad Ní Fhlatharta agus foireann na scoile as an lá a éagrú.