Seachtain na Matamaitice 2024
Bhí Seachtain na Matamaitice ar siúl sa scoil ó 14ú - 18ú Deireadh Fómhair. Bhí go leor imeachtaí ar siúl againn, ina measc bhí:-
- Cruacheist Laethúil - ar siúl gach lá ag 10.20. Stop an gnáth-obair sna ranganna agus bhí gach scoláire agus múinteoir ag iarradh theacht ar réiteach ar na fadhbanna mata difreála.
- Tóraíocht Taisce - Rinne gach bliain sa scoil tóraíocht taisce Matamaiticiúil taobh istigh agus amuigh den scoil, fiú ag lorg leideanna sa pholaithollán.
- Dearadh Póstaer Mhatamaiticiúil - Bhí dearadh póstaeir Matamaiticiúil á dhéanamh ag na scoláirí ar aon téama matamaiticiúil agus tá póstaeir álainn le feiceáil crochta sa scoil. Maith sibh ar fad!.
- Tráth na gCeist - Bhí Tráth na gCeist le ceisteanna Mata cumtha ag Bliain 4 againn tráthnóna Déardaoin. Bhí an bua ag Bord 9 – Dean (Bl5), Cian (Bl5), Aimee (Bl3), Zara (BL3) & George (Bl1).
- Físeáin - Chuir muid críoch leis an tseachtain leis an bhfíseáin "Hidden Figures",
Buíochas mhór le Fiona Ní Chathasaigh agus le Bliain 4 a rinne an t-uafás oibre ullmhú do na himeachtaí seo. Tá buíochas le glacadh freisin le gach duine a bhí páirteach sa tSeachtain Mhata.
Go mbeirimid beo ar an am seo arís.