Gaelbhratach 28/05/2024
Comhghairdeas le Coiste Gaeilge Choláiste Naomh Feichín ar bhronnadh an dara Gaelbhratach le déanaí ar scoil s'againne. Tá obair na gcapall curtha i gcrích arís acu agus toradh dearfach bainte amach acu dá bharr. Buíochas ollmhór tuillte ag an gCoiste agus iad ag obair go dúthrachtach lena múinteoir, Cormac Ó Confhaola. Mar a deir an seanfhocal, "Beatha Teanga í a labhairt"