Cuairt Feirme 25-10-23
D'fhág daltaí Eolaíocht Talmhaíochta Shinsearacha na scoile inné lena gcuid múinteoirí Áine Bairead agus Fiona Ní Chathasaigh. Bhain siad amach ceann scríbe, Estáit Droim Báin agus chaith siad seal le Stiofán Ó Donnachadha i dTuar Mhic Éadaigh ag fáil eolas ar bheachaireacht, ar úllord, glasraí agus smeara agus obair polatholláin. Chuir siad lena gcuid saineolas ar shiollabas shinsearach Eolaíocht Talmhaíochta.
Chaith siad seal i dteannta an feirmeoir caorach Tom Óg Ó Standún. Rinne siad eolas a bhailiú ar obair geiniteach agus bainistiú póir. Bhí an-lá ag ár cuid daltaí idir chaint, foghlam agus staidear. Tá moladh thar na beirte tuillte ag ár múinteoirí as a ndíograis agus á dtreoir.