Lá Pi - 14-03-2023
Tá Pi linn ar feadh beagnach 4 míle bhliain agus ba é Archimedes ceann de na Matamaiticeoirí ba mhó riamh a rinne an chéad PI ríamh. Rinne sé achair ciorcal a mheas ag úsáid Pi. Rinne ár ndaltaí ceiliúradh ar Lá Pi inné sa scoil faoi chúram a múinteoir, Áine Bairead, nuair a bhacáil siad cacaí agus brioscaí deasa, chomh maith le bia i bhfoirm ciorclach a thabhairt isteach. Rinne siad roinnt Mata ar an gcruth ciorclach - ríomh siad ga, trastomhas, achar agus fad/imlína an chiorcail. D'oibrigh siad amach ansin an ghaol idir fad ciorcal agus a trastomhais!
Nuair a bhí an obair chrua sin ar fad déanta, d'ith siad a sháith!!
"Taithí a dhéanann máistreacht"