Gradaim Banc na hÉireann, Nollaig 2018

Roimh na Nollag, bronnadh gradaim ar dhaltaí ó Choláiste Naomh Feichín de bharr éachtaí acadúla, spórtúla agus pearsanta. D'éirigh le Mae Bhreathnach agus Seosamh Ó Róibín aitheantas a fháil de bharr fheabhais a gcuid torthaí Teistiméireachta gradaim a fháil.  Tá Mae Bhreathnach ag déanamh staidéar ar Thrachtáil Idirnáisiúnta in Ollscoil na Gaillimhe.  Tá Seosamh Ó Róibín ag déanamh staidéar ar Eolaíocht Ríomhaireachta in Ollscoil na Gaillimhe.

Tugadh aitheantas do Seán Ó Céarnaigh de bharr a chuid éachtaí sa pheil agus sa Chomórtas Ted Webb faoi 16 le déanaí. D'éirigh le Nathan Kurensky de bharr a chuid iarrachtaí sa rothaíocht idirnáisiúnta.

Is í Nada Ní Chuirrín buaiteoir an Comórtas Steip ag Oireachtas na Gaeilge 2018. Iardhalta Coláiste Naomh Feichín í agus tá sí ag déanamh staidéar ar an gceol in Ollscoil Luimnigh.

Rinne daltaí ó scoil s'againne páirt a ghlacadh sa Chomórtas Bacála agus d'éirigh go hiontach leo ar an lá. Comhghairdeas le Niamh Ní Churraoin, Ellie Ní Icí, Natasha Ní Mháille, Emma Ní Chadhain, Lorna Ní Chosgara agus Micheál Ó Gráinne. 

Photos:

Click on a thumbnail to enlarge...

  • p2737119_3209949668_3.jpg
  • p2737119_3209945147_3.jpg
  • p2737119_3209942187_3.jpg
  • p2737119_3209940117_3.jpg
  • p2737119_3209898460_3.jpg

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán