Fáilte chuig suíomh idirlíne Choláiste Naomh Feichín!

Céad míle fáilte go suíomh idirlín Choláiste Naomh Feichín.  Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as agus go dtiocfaidh tú ann ar aon eolas atá á lorg agat faoi scoil s’againne.  Fáilte romhat teagmháil a dhéanamh linn má tá breis eolais á lorg agat.  Tá na sonraí teagmhála don scoil ar fáil ag barr an leathanaigh.  Chomh maith leis na himeachtaí reatha ar an leathanach nuachta, feicfidh tú an-chuid grianghraf eile d’imeachtaí scoile sa Ghailearaí.

Táimid an-bhródúil as an dul chun cinn atá déanta ag scoil s’againne ó bunaíodh é sa bhliain 1966.  Tá buíochas ar leith ag dul do na Tuismitheoirí, baill na Boird Bainistíochta agus Foireann na scoile don ualach oibre a chuireann siad isteach lá i ndiaidh lae chun árdchaighdeán oideachais a chur ar fáil.  Is údar mórtais dúinn ar fad, chomh maith agus a éiríonn le daltaí na scoile seo, go hacadúil, go sóisialta agus i saol na hoibre.

Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as na leathnaigh seo.

 

Welcome to Coláiste Naomh Feichín’s website.  I hope you enjoy your browsing and that you find here any information you require about the school.  Feel free to contact us if you require further information.  Our contact details are available at the top of this page.  As well as the activities on our news page, the photographs in our galleries will give you a further insight into our activities.

We are very proud of all that our school has achieved, since its establishment in 1966.  Our thanks to our Parents, members of our Board of Management, our school team for their great work and efforts to ensure that provide the highest standard of Education for our young people.  We are proud of our students’ endeavours. 

We hope you enjoy our pages.

Le meas ort,

Gearóidín Ní Chonghaile

Príomhoide

Imeachtaí Beartaithe

Imeachtaí le teacht go ceann:

Féilire Iomlán