Aoi-chainteoir Ré Ó Laighléis
Thug an scríbhneoir cáiliúil agus clúiteach cuairt ar scoil s'againne le déanaí. Chaith sé cheithre uair a chloig i dteannta daltaí na tríú bliana. Tá siad agus daltaí na chéad bliana ag déanamh dianstaidéar ar an úrscéal Osama, Obama, Ó, a Mhamaí. Bhain siad an-taitneamh agus tairbhe as an gcuairt. Beidh daltaí Bliain 2 ag déanamh diananailís ar an úrscéal Trumptaí Dumptaí agus an Falla Mór.